Feidhm na hamhránaíochta agus an damhsa i luath-shaothar Mháirtín Uí Chadhain
Cuireann an t-alt seo roimhe léargas a thabhairt ar léiriú na cúirtéireachta mar chleachtas sóisialta i luath-shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Feictear go bhfuil áit lárnach ag na hamhráin agus ag an damhsa i gcur in iúl an áilíosa sa saothar agus déantar iniúchadh ar an ngné seo de na scéalta i bhfia...
Main Author: | |
---|---|
Format: | Article |
Language: | Irish |
Published: |
Comhar Teoranta
2015-11-01
|
Series: | COMHARTaighde |
Subjects: | |
Online Access: |
http://dx.doi.org/10.18669/ct.2015.02
|
Summary: | Cuireann an t-alt seo roimhe léargas a thabhairt ar léiriú na cúirtéireachta mar chleachtas sóisialta i luath-shaothar Mháirtín Uí Chadhain. Feictear go bhfuil áit lárnach ag na hamhráin agus ag an damhsa i gcur in iúl an áilíosa sa saothar agus déantar iniúchadh ar an ngné seo de na scéalta i bhfianaise na dtuiscintí antraipeolaíochta faoi na hamhráin agus an damhsa atá pléite ag Lillis Ó Laoire ina shaothar Ar Chreag i Lár na Farraige: Amhráin agus Amhránaithe i dToraigh (2002). Baineadh úsáid as na hamhráin agus as an damhsa mar bhealaí inghlactha chun an dúil chollaí a chur in iúl sa phobal. Ba bhealaí inghlactha freisin iad an damhsa agus na hamhráin chun an t-áilíos a chur in iúl sa litríocht agus léirítear é seo go sonrach i saothar cruthaitheach Uí Chadhain. San alt seo dírítear ar cheithre scéal a bhaineann le hábhar ó na cnuasaigh gearrscéalta leis an gCadhnach a foilsíodh idir 1939 agus 1953 agus déantar anailís ar úsáid na hamhránaíochta agus an damhsa le staid mhothálach na gcarachtar a chur in iúl i suíomh sóisialta ar leith. Is iad na scéalta sin ná ‘Má chaill mé Báire, ghnóthaigh mé Báire’ as Idir Shúgradh agus Dáiríre (1939), ‘Críonadh na Slaite’ agus ‘An Bhliain 1912’ as An Braon Broghach (1948) agus ‘Ciumhais an Chriathraigh’ as Cois Caoláire (1953). Déantar tagairt freisin don scéal déanach ‘Beirt Eile’ as an gcnuasach An tSraith ar Lár (1967). |
---|---|
ISSN: | 2009-8626 |