Summary: | I gcomhthéacs forléargais ghearr ar an litríocht réigiúnach, mionmhíniú é an t-alt seo ar ‘Nábla agus Paidí’, scéal le Seán ’Ac Fhionnlaoich (1910–1982). Léirítear gur scéal é a tharraingíonn as sísheanchas an bhéaloidis agus as tuiscintí an ghearrscéil nua-aimseartha araon. Éiríonn leis an údar casadh nua a bhaint as an ábhar thraidisiúnta lena mhodh reacaireachta. Tig an plota cuid mhaith le finscéal sí faoin fhuadach. San insint agus i struchtúrú an scéil a fheictear tionchar na nualitríochta. Leagtar béim ar phearsantacht agus ar chumas oibre an phríomhcharachtair mná agus ar a cumann lena fear. Nochtar cumann bisiúil sona ach ceann a bhfuil beagán teannais ann a bhaineann lena ceird mar bhailitheoir cnuasaigh trá. Ní thugtar barraíocht sonraí áitiúla agus gluaiseann an insint ar aghaidh go gasta mar a bheadh saighead i dtreo na sprice. Faoina dheireadh, fágtar athrú buan doleigheasta ar na carachtair agus ar a gcumann lena chéile. Tá téamaí na hinscne agus na háite nasctha le tuiscintí an chreidimh sí, cé nach luaitear an focal féin oiread agus uair amháin. Maítear go gonta cosúlachtaí le gearrscéalta áirithe mara de chuid Liam Uí Fhlaithearta agus Mháirtín Uí Chadhain chomh maith, agus le dráma J.M. Synge, Riders to the Sea. Maítear gurbh fhiú a thuilleadh comparáide a dhéanamh eatarthu. Seoid bheag de scéal é seo nár tugadh faoi deara i gcanóin na critice cheana.
|