Foilsiú, míniú agus aistriú Gaeilge na hAlban in Éirinn

Déanann an t-alt seo machnamh ar na bealaí éagsúla inar cuireadh téacsanna i nGàidhlig na hAlban i láthair i leabhair agus in irisleabhair Ghaeilge ó thús an fichiú haois. Cé go bhfuil dlúthbhaint ag Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban lena chéile, tá sé sách doiléir a mhéid is féidir le léi...

Full description

Bibliographic Details
Main Author: Wilson McLeod
Format: Article
Language:Irish
Published: Comhar Teoranta 2020-11-01
Series:COMHARTaighde
Subjects:
Online Access:https://comhartaighde.ie/eagrain/6/mcleod/
Description
Summary:Déanann an t-alt seo machnamh ar na bealaí éagsúla inar cuireadh téacsanna i nGàidhlig na hAlban i láthair i leabhair agus in irisleabhair Ghaeilge ó thús an fichiú haois. Cé go bhfuil dlúthbhaint ag Gaeilge na hÉireann agus Gàidhlig na hAlban lena chéile, tá sé sách doiléir a mhéid is féidir le léitheoirí na Gaeilge an Ghàidhlig scríofa a thuiscint. Uaireanta clúdaíonn an t-idéalachas ‘pan-Ghaelach’ tuairimí ar an ábhar, rud a fhágann go bhfuil cleamhnas teangeolaíoch samhalta ann (nó cleamhnas bunaithe ar dhóchas). I bhfianaise na neamhchinnteachta seo, is féidir roinnt straitéisí éagsúla chun téacsanna Gaelacha na hAlban a chur i láthair a aithint, agus is féidir a rá go bhfuil siad seo ag brath ar thuiscintí neamh-chomhoiriúnacha ar mhéid na comh-intuigtheachta idir an dá theanga. Uaireanta cuirtear buntéacs i nGàidhlig na hAlban gan aon nótaí míniúcháin leis; uaireanta soláthraítear aistriúchán go Gaeilge nó aistriúchán go Béarla; uaireanta ní thugtar ach aistriúchán Gaeilge, gan an bunleagan. Go háirithe maidir le téacsanna próis (a bhíonn níos faide de ghnáth) is minic nach soláthraítear an buntéacs Gàidhlig. Is féidir na straitéisí éagsúla foilseacháin seo a fheiceáil, mar shampla, sa chaoi a gcaitheann eagarthóirí agus criticeoirí éagsúla le filíocht an nuafhile iomráitigh Albanaigh Somhairle MacGill-Eain. Tríd is tríd, is cosúil gurb é an buntéacs in éineacht le haistriúchán Gaeilge an réiteach is praiticiúla, cé gur fearr a chinntiú go dtugtar tosaíocht iomchuí don bhunthéacs, mar shampla tríd an aistriúchán a chur i gcló iodálach nó faoi bhun an bhuntéacs. Deacracht bhunúsach is ea laige na nasc cultúrtha idir Éire agus Albain Ghaelach, ionas gur beag an deis atá ag léitheoirí na Gaeilge dul i dtaithí ar Ghàidhlig na hAlban. Ina theannta sin, le céad bliain anuas tá an bhearna teanga idir an dá chineál ag leathnú, mar gheall ar phróisis éagsúla nuachóirithe agus caighdeánaithe. Cé go raibh tionscnaimh chultúrtha éagsúla ann chun an dá phobal teanga a nascadh, is beag tionchar buan a bhí acu seo.
ISSN:2009-8626