Summary: | Déanfar plé sa pháipéar seo ar choincheap Bhean an Leasa mar atá le fáil sa seoithín traidisiúnta ‘A bhean úd thíos ar bhruach an tsrutháin’ ó Ghaeltacht Mhúscraí. Ba ghnáthchuid de chleachtais thraidisiúnta amhránaíochta é an seoithín a bhí ceangailte go dlúth le saol an teaghlaigh agus le cúram leanaí go háirithe. Bhí rian an deasghnátha agus na draíochta go láidir air (Ó Madagáin 1989, 1992) agus ba chleachtas cruthaitheach é dá réir sin a tuigtí mar chosaint ar an dainséar, agus a bhí nasctha go dlúth le tuiscintí an phobail ar an osnádúr. Ag tarraingt ar shaothar Mháire Ní Annracháin ar an teanga fhíortha i dtraidisiún na Gaeilge, agus ar shaothar Angela Bourke ar na scéalta sí, cíorfar an nasc idir an meafar, an saol eile, agus feidhm dheasghnáthaíoch na hamhránaíochta i gcás an tseoithín seo. Díreofar go speisialta ar an aistear tairseachúil a chruthaíodh an seoithín traidisiúnta don tsuibiacht bhaineann, ar an ionchollú trí mheán na hamhránaíochta ar bhean shamhailteach an leasa, agus ar an bhfeidhm ar leith a bhí le domhan fíorúil an amhráin mar le ‘communitas’ nach beag a chruthú idir mhná. Sholáthraigh dioscúrsaí trí mheán na hamhránaíochta ar an bhfuadach sí smaointeoireacht shofaisticiúil choincheapúil a chuir ar chumas na mban dul i ngleic le gnéithe fíordhúshlánacha dá saol. Ní hamháin go raibh tábhacht nach beag ag baint leis an seoithín traidisiúnta mar le teachtaireachtaí rúnda agus dioscúrsaí faoi cheilt a nochtadh agus a phlé i measc na mban, dá réir, ach d’fhág feidhm dheasghnáthaíoch an tseoithín teacht aniar ar leith sna mná in am an ghátair.
|